Sean urnaí a bhí ag a sean haintín:
Tabhair sin anocht, go bliain anocht,
‘s na grásta is mó, ‘s na peacaí is lú,
Má chí Dia aon duine againn idir dhá chomhairle,
Go seolaí Dia ar chomhairle an leasa muid,
‘s go sábhála sé muid ar ár dtrí namhad,
Má tá an saol an diabhail agus a cholainn.
Go sábhála sé muid ar aicídí, ar ghalair ghránna, ar chré an tinibh agus ar uisce,
Ar náire shaolta, ar scannail phoiblí?
Ar éagóir gcarad, ar dhroch shúil a amharcann ar aon duine,
Ar dhroch shúil a bheith ag aon duine dúinn
Agus ar mhaithe leis ár gcomharsan. | 00:02:22 | |